Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 03 Feabhra 2025

Tacaíocht d’iriseoirí Rúiseacha agus Bealarúiseacha atá ar deoraíocht san Aontas treisithe ag an gCoimisiún

Inniu, d’fhoilsigh an Coimisiún glao ar thograí chun tacú le hiriseoirí neamhspleácha agus leis na meáin neamhspleácha atá ar deoraíocht ón Rúis agus ón mBealarúis agus atá ag obair ón Aontas.

Several journalists with cameras and pointing microphones, suggesting an interview.

AdobeStock © New Africa

Agus beagnach EUR 3 mhilliún de chistiú á thairiscint aige, is é seo an dara glao den sórt sin tar éis an chéad eagráin in 2023. Is é is príomhchuspóir dó tacú le hardán uile-Eorpach nó líonra mol meán uile-Eorpach a chruthú lena gcuirtear timpeallacht meán iolraíoch chun cinn. Dírítear ar a áirithiú gur féidir le hiriseoirí neamhspleácha agus leis na meáin neamhspleácha atá ar deoraíocht leanúint d’ábhar a tháirgeadh agus a dháileadh ar a lucht féachana gan cur isteach eagarthóireachta.

In 2024 amháin, measadh gur theith 1,500 iriseoir neamhspleách agus seomra nuachta eagarthóireachta ón Rúis agus ón mBealarúis nó gur athlonnaíodh iad chuig tíortha an Aontais. Leis an tacaíocht athnuaite sin, tá an Coimisiún ag leanúint dá iarrachtaí mol mór a dhéanamh den Aontas dóibh siúd atá ag iarraidh an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an daonlathas a bhaint amach.

Tá sé ríthábhachtach tacú le meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha agus beidh sé mar chuid den mhachnamh ar an Sciath Daonlathais atá ar na bacáin, a fógraíodh i dtreoirlínte polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen don Choimisiún 2024-2029.

Féadfaidh údaráis phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ionaid taighde iarratas a dhéanamh ar an nglao sin faoin 14 Márta 2025.

Tuilleadh eolais: