
Cumhdaítear anois le Treoir NIS2 eintitis mheánmhéide agus mhóra ó níos mó earnálacha atá ríthábhachtach don gheilleagar agus don tsochaí, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí, seirbhísí digiteacha, bainistiú fuíolluisce agus dramhaíola, spás, monarú táirgí criticiúla, seirbhísí poist agus cúiréireachta agus riarachán poiblí.
Faoin 17 Deireadh Fómhair, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun ceanglais theicniúla agus mhodheolaíocha na mbeart bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a leagan síos le haghaidh eintitis áirithe sna hearnálacha bonneagar digiteach, soláthraithe digiteacha, agus bainistíochta seirbhísí TFC (gnólacht le gnólacht).
Tá an dréachtghníomh cur chun feidhme oscailte d’aiseolas ón bpobal tríd an tairseach Cloisimis uait ar feadh 4 seachtaine.