Tacaíonn clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa le hinfheistíocht i líonraí iompair, fuinnimh agus bonneagair dhigitigh na hEorpa. Tacóidh sé leis an aistriú glas agus digiteach, trí rannchuidiú leis na spriocanna uaillmhianacha don Chomhaontú Glas don Eoraip agus don Deacáid Dhigiteach.