Beidh cód QR ann chun slándáil agus barántúlacht an deimhnithe a chinntiú. Cruthóidh an Coimisiún tairseach chun a áirithiú gur féidir na deimhnithe uile a fhíorú ar fud an Aontais, agus tacóidh sé leis na Ballstáit i gcur chun feidhme teicniúil na ndeimhnithe. Leanfaidh na Ballstáit de bheith freagrach as a chinneadh cé na srianta sláinte poiblí is féidir a tharscaoileadh do thaistealaithe ach beidh orthu na tarscaoiltí sin a chur i bhfeidhm ar an mbealach céanna maidir le taistealaithe a bhfuil Deimhniú Glas Digiteach acu.