
Soláthraíonn an loch sonraí tacair sonraí idirnasctha d’eolaithe, do lucht déanta beartas agus do nuálaithe le húsáid i réitigh a thugann aghaidh ar dhúshláin phráinneacha mar oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide, tacú le forbairt inbhuanaithe agus freagairt riosca tubaiste a fheabhsú.
Is éard atá i ndroichead sonraí Leonardo comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí, a chuireann ar chumas úsáideoirí ceangal le tacair sonraí comhshaoil is cuma cá bhfuil na sonraí lonnaithe. Dá bhrí sin, ceadaíonn sé comhtháthú gan uaim agus rochtain ar mhéideanna ollmhóra sonraí chóras an Domhain a tháirgtear ar HPC Leonardo.
Tionscnamh suaitheanta de chuid an Choimisiúin is eaDestination Earth, arb é is aidhm dó samhail dhigiteach an-chruinn den Domhan a fhorbairt ar scála domhanda. Déanfaidh an tsamhail monatóireacht, ionsamhlú agus tuar ar an idirghníomhaíocht idir feiniméin nádúrtha agus gníomhaíochtaí an duine. Baineann imscaradh chóras Destination Earth úsáid as na cumais bhreathnóireachta agus ionsamhlúcháin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo atá á gcumhachtú ag ríomhairí ardfheidhmíochta na hEorpa (EuroHPC). Is príomhchuid den straitéis Eorpach maidir le sonraí é an tionscnamh trí rochtain ar fhoinsí luachmhara sonraí ar fud na hEorpa a chomhdhlúthú. Beidh sé ar cheann de na príomhuirlisí freisin chun ullmhacht a threisiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, mar a d’fhógair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas ina héisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa.
Cloch mhíle nua is ea an droichead sonraí in Bologna i dtreo bonneagar sonraí fíor-Eorpach, dáilte a thacóidh le ceannaireacht na hEorpa i dtaighde agus in ionsamhlúchán aeráide sonraíbhunaithe.
Tríd an ngaireacht do shaoráid úrscothach Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Leonardo a ghiaráil, cuireann an tionscnamh seo béim ar cheannaireacht na hEorpa i dtaighde agus in ionsamhlúchán aeráide sonraíbhunaithe. Ní hamháin go spreagfaidh an comhoibriú seo dul chun cinn teicneolaíochta ach cuirfidh sé le cumas na hEorpa cinnteoireacht eolasach a dhéanamh ar mhaithe le todhchaí níos inbhuanaithe.
Is éacht comhpháirteach é seo idir an Coimisiún Eorpach, EUMETSAT, CINECA agus INFN. Tá an loch sonraí mar bhonn agus mar thaca ag an tionscnamh iomlán Destination Earth faoi stiúir an Choimisiúin agus arna chur chun feidhme ag EUMETSAT, ESA agus ECMWF.