Is iad leathsheoltóirí na bloic thógála riachtanacha de tháirgí digiteacha agus digitithe. Idir fhóin chliste agus ghluaisteáin, agus feidhmchláir agus bonneagair chriticiúla don chúram sláinte, don fhuinneamh, don chosaint, don chumarsáid agus don uathoibriú tionsclaíoch, tá leathsheoltóirí lárnach sa gheilleagar digiteach nua-aimseartha. Tá siad i gcroílár leasanna geostraitéiseacha láidre agus an rás teicneolaíochta domhanda freisin.
Go nithiúil, leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna, neartófar gníomhaíochtaí monaraíochta san Aontas, spreagfar éiceachóras deartha na hEorpa, agus tacófar le méadú agus nuálaíocht ar fud an tslabhra luacha iomláin. Tríd an Ionstraim Eorpach um Shliseanna, tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach a sprioc a bhaint amach chun a sciar reatha den mhargadh domhanda a dhúbailt go 20 % in 2030
Léigh tuilleadh faoi: