Dhaingnigh tíortha LEE ionchorprú Rialachán nuashonraithe.eu (2019/517) i gcomhaontú LEE an 9 Iúil 2021. Ligeann sé sin do shaoránaigh na hÍoslainne, Lichtinstéin agus na hIorua fearann barrleibhéil.eu a chlárú is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu ar fud an domhain. Bronnadh an incháilitheacht fhadaithe chéanna ar shaoránaigh an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2019.
Faoi láthair tá an spás.eu ar an seachtú síneadh cód tíre is mó ar an idirlíon. Má chuirtear síneadh leis an gceart chun fearainn.eu a chlárú, éascófar rochtain ar mhargadh aonair an Aontais do dhaoine ar fud an domhain. Cuirfidh sé ar chumas na saoránach a gcéannacht Eorpach a thaispeáint ar líne beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí orthu.