![slide showing a woman pointing at a model of subatomic particles with text Euro HPC Joint Undertaking - First EU Quantum computer sites Czechia France Germany Italy Poland Spain](/sites/default/files/styles/large/public/newsroom/items/quantum_flags_alphabetical_finalcel_9ftjdcKyiy0oZQKlS3zQzTYM9G4_105568.jpg?itok=15iq3uhU)
European Commission
Déanfar iad a chomhtháthú ar an láthair sna sár-ríomhairí atá ann cheana, agus beidh siad ina líonra leathan ar fud na hEorpa. Is mó ná EUR 100 milliún an infheistíocht iomlán atá beartaithe, agus tagann a leath ón Aontas agus an leath eile ó na 17 dtír atá rannpháirteach sa Chomhghnóthas EuroHPC. Beidh taighdeoirí acadúla agus an tionscal, is cuma cén áit san Eoraip ina bhfuil siad lonnaithe, in ann rochtain a fháil ar na sé ríomhaire candamacha sin bunaithe ar theicneolaíocht úrscothach Eorpach.