Ghlac an Coimisiún togra inniu chun fánaíocht a ionchorprú sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv. A luaithe a bheidh na céimeanna riachtanacha ar fad tugtha chun críche, beidh cuairteoirí ón Moldóiv ar an Aontas Eorpach in ann a bhfón póca a úsáid faoi na coinníollacha praghais céanna amhail is dá mbeidís sa Mholdóiv, agus bainfidh taistealaithe ón Aontas tairbhe as na cearta céanna agus iad ar cuairt chuig an Moldóiv.
Ceann de phríomhghníomhaíochtaí Phlean Gníomhaíochta Tosaíochta AE-an Mholdóiv, a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2023, is ea é an Mholdóiv a thabhairt isteach sa limistéar “fánaíocht ar tháillí baile”. Is treochlár é an plean seo chun an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) idir an tAontas agus an Mholdóiv a chur chun feidhme go hiomlán agus an Mholdóiv a chomhtháthú tuilleadh i Margadh Aonair an Aontais.
Preaseisiúint iomlán
Tuilleadh eolais faoi fhánaíocht