Tagann sé sna sála ar an gcomhaontú polaitiúil i mí na Nollag maidir leis an Lárionad agus an Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála, tionscnamh arb é is aidhm dó feabhas a chur ar acmhainní teicneolaíochta agus cibearshlándála tionsclaíocha an Aontais agus cuidiú le timpeallacht shábháilte ar líne a chruthú. Rannchuideoidh an Lárionad Inniúlachtaí, a bheidh lonnaithe i mBúcairist, in éineacht le Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta, le hacmhainneachtaí cibearshlándála na hEorpa a neartú chomh maith le barr feabhais taighde agus iomaíochas thionscal an Aontais sa réimse sin a threisiú. Ina theannta sin, bainisteoidh sé cuid den chistiú atá tiomnaithe don chibearshlándáil ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach, chomh maith leis na cistí a chuireann na Ballstáit ar fáil. Táthar ag súil go seolfar an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála go hoifigiúil i mí an Mheithimh, faoi réir formheas foirmiúil ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ionadaithe ó na Ballstáit (27 gcomhalta), ón gCoimisiún (beirt chomhaltaí) agus ó ENISA (comhalta amháin) a bheidh ar Bhord Rialaithe an Lárionaid. Cuirfidh an Coimisiún an Lárionad ar bun agus reáchtálfaidh sé é go dtí go mbeidh sé in ann feidhmiú go neamhspleách.