Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tháinig an chéad leabhar rialacha de chuid an Aontais i bhfeidhm chun neamhspleáchas agus iolrachas na meán a chosaint

Inniu, tháinig an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, sraith nua rialacha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo chun neamhspleáchas agus iolrachas na meán a chosaint, i bhfeidhm.

First EU rulebook to protect media independence and pluralism enters into force

iStock Photo Getty Images +

Leis an reachtaíocht nua sin, cuirtear coimircí ar fáil i gcoinne cur isteach polaitiúil ar chinntí eagarthóireachta agus i gcoinne faireachas ar iriseoirí. Ráthaítear leis an nGníomh gur féidir leis na meáin oibriú ar bhealach níos éasca sa mhargadh inmheánach agus ar líne. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an rialachán neamhspleáchas agus cistiú cobhsaí mheáin na seirbhíse poiblí a áirithiú, chomh maith le trédhearcacht úinéireacht na meán agus leithdháileadh fógraíochta stáit araon.

Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová:

 “Den chéad uair riamh, tá dlí ag an Aontas chun saoirse na meán a chosaint. Aithníonn an tAontas go bhfuil ról ríthábhachtach ag iriseoirí maidir leis an daonlathas agus gur cheart iad a chosaint. Iarraim ar na Ballstáit na rialacha nua a chur chun feidhme a luaithe is féidir.”

Seo mar a labhair an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton:

‘Tá ról ríthábhachtach ag cuideachtaí meán inár ndaonlathais ach bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar ioncam atá ag titim, bagairtí ar shaoirse agus ar iolrachas na meán agus meascán rialacha náisiúnta éagsúla. A bhuí leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, beidh coimircí coiteanna ag cuideachtaí meán ar leibhéal an Aontais chun iolrachas guthanna a ráthú agus chun a bheith in ann tairbhe níos fearr a bhaint as na deiseanna a bhaineann le feidhmiú inár margadh aonair gan aon chur isteach, bíodh sé príobháideach nó poiblí.’

Leis an Rialachán seo, a mhol an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2022, cuirtear roinnt cosaintí i bhfeidhm maidir leis an gceart chun iolrachais sna meáin a bheith infheidhme laistigh de 6 mhí. Tá tuilleadh sonraí maidir leis an amlíne dá chur i bhfeidhm ar fáil sa ghrafaic faisnéise seo. Tá tuilleadh faisnéise faoi ghníomhaíocht an Choimisiúin chun seasamh le saoirse agus iolrachas na meán agus sábháilteacht iriseoirí ar fáil ar líne freisin.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi shaoirse agus iolrachas na meán.