Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

G20: tháinig na hairí digiteacha le chéile san India chun an nuálaíocht dhigiteach agus an cuimsiú digiteach a phlé

An 19 Lúnasa 2023, tháinig airí digiteacha na 20 geilleagar is mó agus is mó fás ar chomhaontú maidir le dearbhú comhpháirteach chun nuálaíocht agus cuimsiú digiteach, oiliúint dhigiteach, agus slándáil sa gheilleagar digiteach a chothú in Bangalore na hIndia.

G20 Summit 2023 India logo with a globe and a lotus and text G20 2023 India

Adobe Stock

Faoi Uachtaránacht na hIndia ar G20, pléadh trí phríomhréimse le linn chruinniú na n-airí: Bonneagar Poiblí Digiteach le haghaidh an chuimsithe dhigitigh agus na nuálaíochta; geilleagar digiteach atá sábháilte, slán agus athléimneach a thógáil; agus scileanna digiteacha chun lucht saothair a bheidh réidh don domhan a thógáil amach anseo. Rinne Roberto Viola, Ard-Stiúrthóir Líonraí Cumarsáide, Ábhair Dhigitigh agus Teicneolaíochta an Choimisiúin Eorpaigh ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Tháinigcomhaltaí G20 ar chomhaontú maidir ledearbhú comhpháirteach inar cuireadh ibhfios go láidir gur cheart don Bhonneagar Poiblí Digiteach (DPI) a bheith slán agus idir-inoibritheach agus cuimsiú, nuálaíocht agus iomaíocht a chothú ar bhealach iontaofa agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha á n-urramú ag an am céanna. Ba cheart do bhonneagar poiblí digiteach iontaofa ar an leibhéal domhanda riarachán poiblí níos éifeachtúla agus níos cuimsithí a thabhairt chun seirbhíse do na saoránaigh.

Cuirfidh an comhar maidir le DPI in G20 leis an gcomhar idir an tAontas agus an India mar chuid denChomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir antAontas agus an India.

Cuirfear an cruinniú aireachta san áireamh igCruinniú Mullaigh Cheannairían G20 a bheidh ar siúl i nDeilí Nua an 9-10 Meán Fómhair 2023.