Síneann sé “fánaíocht ar tháillí baile” go dtí 2032 — an scéim ar féidir le taistealaithe san Aontas agus san LEE glaoch, téacs agus scimeáil thar lear gan táillí breise. Beidh buntáistí suntasacha ag baint leis na rialacha nua do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais, a mbeidh taithí fánaíochta níos fearr acu, leis an gcaighdeán céanna seirbhíse soghluaiste thar lear agus atá acu sa bhaile. Leis na rialacha nua, cuirtear feabhas freisin ar rochtain ar chumarsáid éigeandála ar fud an Aontais agus ráthaítear leo faisnéis shoiléir faoi sheirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir muirir bhreise.