Phléigh Comhaltaí na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus na tíortha ar tugadh cuireadh dóibh conas téarnamh fadtéarmach agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn trí thodhchaí dhigiteach iontaofa, inbhuanaithe agus chuimsitheach a fhorbairt, ag Cruinniú Aireachta ECFE um an nGeilleagar Digiteach.
Is é Roberto Viola, Ard-Stiúrthóir na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (Connect) sa Choimisiún Eorpach, a bhí i gceannas ar thoscaireacht an Aontais Eorpaigh agus ghlac sé páirt sa phlé maidir le cearta digiteacha, intleacht shaorga, ardáin ar líne, cibearshlándáil agus rochtain rialtais ar shonraí pearsanta ina gcuirtear i láthair na forbairtí is déanaí i mbeartais an Aontais do thíortha comhpháirtíochta.
Is é príomhthoradh Aireachta ECFE um an nGeilleagar Digiteach in 2022 Dearbhú maidir le “Todhchaí Dhigiteach Iontaofa, Inbhuanaithe agus Cuimsitheach”. Leagtar amach sa dearbhú seo fís le haghaidh claochlú digiteach atá dírithe ar an duine agus ar chearta agus léirítear inti téamaí an Dearbhaithe maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha na hEorpa, a mhol an Coimisiún Eorpach agus a shínigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach inniu.
Ghlac Airí ECFE Dearbhú maidir le “Rochtain Rialtais ar Shonraí Pearsanta atá ag Eintitis na hEarnála Príobháidí” agus thíolaic siad ceithre mholadh nua maidir leis an tslándáil dhigiteach.