Is iad na príomhábhair a chumhdaítear leis an suirbhé ná ilfhrithing, díolacháin ar líne, fógraíocht, agus fadhbanna a thagann chun cinn agus ardáin ar líne á n-úsáid, i measc topaicí eile.
Má tá tú nó má tá gnó ar eolas agat a úsáideann ardáin ar líne chun na críche thuasluaite, ná bíodh drogall ort an suirbhé seo a chomhlánú nó a roinnt. Tá na freagraí go léir faoi rún agus déanfar anaithnidiú iomlán ar na freagraí bailithe.
Cuirfear an fhianaise a chuirtear ar fáil tríd an suirbhé seo san áireamh i Saotharlann Sonraí Fhaireachlann an Aontais Eorpaigh maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne.
Ní mhairfidh an suirbhé seo níos faide ná 20 nóiméad.
Beidh sé ar oscailt go dtí an 25 Bealtaine.