Is éard atá in éiceachóras na Réaltachta Fíorúla agus Méadaithe (VR/AR) líon ard fiontar beag agus meánmhéide agus níl ann ach líon beag gníomhaithe móra sa mhargadh. Measadh gurbh é EUR 7.1 billiún an margadh VR/AR AE in 2021, agus ráta fáis 26 % ann ón mbliain roimhe sin. Meastar go leanfaidh an fás sin, thart ar 37 %, ar aghaidh sna blianta amach romhainn le linn 2021-2026.
Tá sé mar chuspóir foriomlán ag an gComhghuaillíocht Tionsclaíochta VR/AR eolas a chur ar fáil do lucht déanta beartas faoi acmhainneacht VR/AR, infheistíocht a spreagadh in éiceachóras VR/AR na hEorpa, idirphlé a éascú i measc a gheallsealbhóirí, agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus deiseanna don Eoraip a ghiaráil ag an am céanna. Rannchuideoidh an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch VR/AR leis an gcuspóir sin trí thacú le hacmhainneacht na hearnála ar fud na mBallstát agus trí bhorradh a chur faoi réitigh ar an leibhéal Eorpach.