Sheol an Coimisiún glao ar thograí chun tacú le fás Líonra Eorpach na Seiceálaithe Fíricí, i gcomhréir le treoirlínte polaitiúla 2024-2029 ón Uachtarán von der Leyen, lenar tugadh isteach an tionscnamh um Sciath an Daonlathais Eorpaigh.
Leithdháilfidh an Coimisiún EUR 1.3 billiún chun teicneolaíochtaí criticiúla a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do thodhchaí na hEorpa agus do cheannasacht teicneolaíochta na mór-roinne a chur in úsáid tríd an gclár oibre don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) le haghaidh 2025 go 2027 a glacadh inniu.
D’fhoilsigh sínitheoirí an Chóid Iompair maidir le Bréagaisnéis, lena n-áirítear mórardáin ar líne (Google, Meta, Microsoft agus TikTok), a dtuarascálacha is déanaí ina sonraítear na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh acu faoin gCód chun scaipeadh na bréagaisnéise ar líne a chomhrac.
Inniu, d’fhormhuinigh an Coimisiún agus an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha comhtháthú an Chóid Cleachtais dheonaigh maidir le Bréagaisnéis i gcreat an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha. Leis an gcomhtháthú sin, beidh an Cód ina thagarmharc chun comhlíontacht na n-ardán leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chinneadh.
Inniu, d’fhoilsigh an Coimisiún trí ghlao ar thograí faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta, arb é is aidhm dóibh tacú le saoirse agus iolrachas na meán, athléimneacht na meán a mhéadú agus cuidiú le litearthacht sna meáin a fheabhsú.
Sheol an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) Treoirlínte maidir le tionscnaimh éifeachtacha um litearthacht sna meáin, arb é is aidhm dóibh éifeachtacht na dtionscnamh um litearthacht sna meáin a mhéadú ar fud na hEorpa.
Tá an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová, i gCeanada chun plé a dhéanamh ar rioscaí na bréagaisnéise agus an chur isteach eachtraigh inár ndaonlathais agus inár sláine toghcháin, chomh maith leis na dúshláin a bhaineann le saoirse agus iolrachas na meán, agus sábháilteacht ar líne do chách.
D’fhoilsigh mórardáin ar líne agus sínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis – lena n-áirítear Google, Meta, Microsoft, agus TikTok – a gceathrú sraith tuarascálacha ina sonraítear a ngníomhaíochtaí chun scaipeadh na bréagaisnéise ar líne a chomhrac, agus béim ar leith á leagan ar na toghcháin Eorpacha a tionóladh i mí an Mheithimh.