Ar fáil ar an Lárionad Trédhearcachta, tá faisnéis sna tuarascálacha faoin gcomhar idir sínitheoirí chun sláine na dtoghchán Eorpach a chosaint, chomh maith lena dtaithí ar Chóras Mearfhreagartha an Chóid . Tá sraith Táscairí Struchtúracha ag gabháil leis na tuarascálacha, lena dtugtar léargais lena gcumhdaítear leitheadúlacht agus rannpháirtíocht na bréagaisnéise ar líne le linn na tréimhse toghcháin, arna dtomhas i gceithre thír de chuid an Aontais. Cuireann sínitheoirí in iúl freisin na bearta a rinne siad chun coimircí a chur ar fáil i gcoinne chruthú agus scaipeadh na bréagaisnéise tríd an intleacht shaorga ghiniúnach (IS).
Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach agus um Iomaíocht:
‘Is creat láidir iad an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus bearta sonracha an Chóid chun sláine na dtoghchán a chosaint. Cruthaítear leis sin timpeallacht dhigiteach ina gcinntítear le caighdeáin in-fhorfheidhmithe iarbhír go dtugtar cosaint níos fearr do mhuintir na hEorpa ar bhagairt na bréagaisnéise.’
Seo mar a labhair Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht:
“Is léiriú é an comhar sin ar an gCód mar ionstraim éifeachtúil lena dtugtar le chéile ardáin ar líne, an tsochaí shibhialta agus seiceálaithe fíricí. Trínár gcosaintí i gcoinne na bréagaisnéise a neartú agus trí na scileanna a thabhairt do shaoránaigh faisnéis a mheas go criticiúil, táimid ag treisiú bhunchloch an daonlathais. Beidh sé sin lárnach i dtreo Sciath Daonlathais Eorpach. Táim ag súil freisin go mbogfaidh sínitheoirí an Chóid go pras agus é á thiontú ina Chód Iompair faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.’
I mí an Mhárta 2024, thuairiscigh sínitheoirí ar na bearta a bhí beartaithe acu a chur i bhfeidhm chun sláine na dtoghchán Eorpach a chosaint. Sna tuarascálacha a foilsíodh inniu, cuireann ardáin sonraí ar fáil maidir le cur chun feidhme na mbeart sin, amhail maidir le raon a ngníomhaíochtaí litearthachta sna meáin nó maidir leis na bealaí ar chuir siad faisnéis iontaofa chun cinn faoin bpróiseas toghcháin. Táthar ag súil leis an gcéad sraith eile tuarascálacha in Earrach 2025.
Ina treoirlínte polaitiúla, dúirt an tUachtarán von der Leyen go molfaidh sí Sciath nua um an Daonlathas Eorpach chun cur i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis ar líne, agus é mar aidhm aici feasacht staide a mhéadú trí bhréagaisnéis agus ionramháil faisnéise a bhrath, a anailísiú agus a chomhrac go réamhghníomhach.
Tuilleadh eolais:
- Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis
- Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne
- Pacáiste an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA)