
Ní mór don Aontas dlús a chur lena iarrachtaí sa rás domhanda do dhaoine tréitheacha, go háirithe i réimse na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM). Conas is féidir é seo a dhéanamh go praiticiúil? Tá seisiún Ollscoile CONNECT ar líne á eagrú ag an gCoimisiún Dé Máirt an 27 Feabhra 2024 chun an cheist sin a phlé go beacht.




