Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Consultation | Foilseachán

Cuir do thuairim in iúl maidir le cearta leanaí ar líne

Conas is féidir linn a chinntiú go ndéanfaimid cearta gach linbh agus gach duine óg a chur chun cinn, a chosaint, a urramú agus a chomhlíonadh nuair a théann siad ar líne? Cloisimis uait sa chomhairliúchán #DigitalDecade4YOUth, a bheidh ar siúl ón 1 Meán Fómhair go dtí an 11 Deireadh Fómhair 2021.

two children looking at a computer screen

© Jakovo - E+ via Getty Images

I mí an Mhárta 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach an compás digiteach lena n-aistrítear uaillmhianta digiteacha an Aontais don chéad deich mbliana eile. Trí ghníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla, tá sé mar aidhm aige sraith prionsabal agus ceart digiteach a fhorbairt le haghaidh dearbhú idirinstitiúideach idir an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

I gcroílár na hoibre seo, is mian linn a chinntiú go mbeidh an saol digiteach oiriúnach don todhchaí agus go mbeidh gach duine in ann tairbhe a bhaint as na deiseanna ar fad a bheidh ar fáil. Mar chuid de ghníomhaíochtaí comhairliúcháin níos leithne, táthar ag dul i gcomhairle le leanaí, leis an óige, le tuismitheoirí agus cúramóirí, le múinteoirí agus oideoirí, agus le geallsealbhóirí eile ar fud an Aontais Eorpaigh maidir leis na tosaíochtaí a mheasann siad chun cearta leanaí agus daoine óga a chur chun cinn, a chosaint, a urramú agus a chomhlíonadh i ndomhan digiteach. Úsáidfear na léargais thábhachtacha sin freisin chun bonn eolais a chur faoi Straitéis Eorpach nua i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí (StraitéisBIK), a ghlacfar in 2022.

Tá ionchur á bhailiú againn anois ó thuismitheoirí agus ó chúramóirí, ó mhúinteoirí agus ó oideoirí, agus ó dhaoine eile ar féidir leo tionchar a imirt ar dheiseanna agus eispéiris dhearfacha ar líne do leanaí agus do dhaoine óga san Eoraip.

Sa suirbhé seo, iarraimid go mbreithneofaí na deiseanna agus na tairbhí is féidir le leanaí agus daoine óga a bhaint as a bheith ar líne, na dúshláin agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith rompu, agus cé ba cheart a bheith freagrach as eispéiris ar líne a fheabhsú. Iarraimid freisin tuairimí maidir leis an méid is gá do lucht ceaptha beartas a dhéanamh sna deich mbliana amach romhainn chun athrú a dhéanamh.

Tá do thuairimí ríthábhachtach chun an obair leanúnach ar phrionsabail dhigiteacha laistigh den Aontas a mhúnlú, agus chun cuidiú leis an eispéireas is fearr is féidir ar líne a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga na hEorpa.

Táimid ag tnúth le do thuairimí faoin 11 Deireadh Fómhair.