Is féidir le teicnící sonraíbhunaithe cur leis an tuairisciú ar thopaicí Eorpacha (i.e. raon na dtopaicí a dtugann an tAontas aghaidh orthu) trína dhéanamh níos éasca do chuideachtaí meán/iriseoirí ábhar nuálach tarraingteach a tháirgeadh maidir le topaicí den sórt sin, rud a chuirfidh ar chumas na saoránach a bheith níos eolaí faoin Aontas Eorpach.
I gcomhréir le Glaonna roimhe seo in 2016, 2018 agus 2020, is é is aidhm don Ghlao seo tacú le táirgeadh agus scaipeadh an ábhair sin, agus neamhspleáchas eagarthóireachta iomlán á urramú ag an am céanna. Mar shampla, is féidir le hinneachar úsáid a bhaint as taighde sonraí, sonraí a amharcléiriú chun dearcthaí ar fud na hEorpa a chur i gcomparáid le chéile, cabhrú le lucht féachana tuiscint a fháil ar thopaicí casta trí thuairisciú soiléir fíorasach a dhéanamh, amlínte scéalta a chur i gcomhthéacs agus/nó idirghníomhaíocht leis an lucht féachana a spreagadh.
Ba cheart do thograí eagraíochtaí meán nuachta ó cheithre Bhallstát ar a laghad a bhailiú le chéile, agus foráil a dhéanamh d’fhoireann eagarthóireachta ghairmiúil agus ilchultúrtha, chun ábhar a bhailiú agus a tháirgeadh ar bhonn rialta. Ba cheart go mbeadh an líon is mó meán/iriseoirí agus úsáideoirí deiridh ar fud an Aontais agus is féidir rannpháirteach sna tograí, chun cuidiú leis an gcumhdach a mhéadú chomh maith le hathfhoilsiú an ábhair in eagraíochtaí meán agus sna meáin shóisialta ar fud an Aontais.
Ní mór d’iarratasóirí a chur in iúl conas atá sé i gceist acu peirspictíocht Eorpach a ghiniúint a chuireann luach leis an tuairisciú atá ann cheana ar ghnóthaí AE trí nuacht agus trí eagraíochtaí meán náisiúnta/réigiúnacha.
Tá an Glao oscailte do thuairisciú nuachta agus do thuairisciú cúlra níos doimhne ar chúrsaí reatha. Tá sé oscailte do gach cineál meáin. Ba cheart go mbeadh rogha na bhformáidí atá á dtáirgeadh do na meáin sin éifeachtach ó thaobh costais de agus i gcomhréir leis na nósanna úsáide nuachta ar fud na hEorpa.
Meastar gurb é EUR 1.4 milliún an buiséad iomlán atá ar fáil. Is é EUR 700.000 an t-uasmhéid cómhaoinithe ón AE in aghaidh an tionscadail. Is é 80 % de na costais incháilithe an t-uasráta cómhaoinithe.
Is féidir tús a chur le tograí tionscadail an 1 Márta 2023 nó an 1 Aibreán 2023, lena gcumhdófar ar a laghad 20 mí agus 26 mhí ar a mhéad.
Tuilleadh eolais
- Ba cheart ceisteanna don ghlao seo a sheoladh chuig cnect-multimedia-actions@ec.europa.eu ar a dhéanaí an 19 Meán Fómhair. Foilseofar gach ceist agus freagra, gan ainm a lua, ar an leathanach seo.
- Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach leathanach gréasáin na nGníomhaíochtaí Ilmheán agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Maoinithe (2022) is déanaí.
- Chun forléargas a fháil ar dheiseanna eile deontais do na meáin nuachta, féach an t-eolas is déanaí ar an leathanach seo, forléargas ar mhí an Mhárta 2022 agus/nó glac páirt sa seimineár gréasáin Déardaoin an 7 Iúil 10h Am Lár na hEorpa
- Is féidir leat liostáil chun nuashonruithe uathoibríocha a fháil aon uair a fhoilsítear ailt a bhaineann leis na meáin ar láithreán gréasáin CNECT.