Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach (EDAP) agus don Phlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc saoirse na meán agus iolrachas na meán a neartú. Ceann de na bearta a fógraíodh is ea feabhas a chur ar thuiscint agus ar infhaighteacht phoiblí na faisnéise faoi úinéireacht na meán. Is cuspóir den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán é freisin feabhas a chur ar thrédhearcacht úinéireacht na meán.
Táthar ag súil go gcuirfidh an tionscadal seo faisnéis chuimsitheach agus cothrom le dáta ar úinéireacht na meán ar fáil i mbunachar sonraí atá ar fáil go poiblí.
Leis an tionscadal, ba cheart an measúnú ar na creataí dlíthiúla ábhartha a thabhairt cothrom le dáta chomh maith leis na rioscaí do thrédhearcacht úinéireacht na meán, agus an obair a dhéanann an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin i réimse úinéireacht agus rialú na meán á cur san áireamh.