D’fhoilsigh an Coimisiún na Treoirlínte maidir le cleachtais intleachta saorga (IS) thoirmiscthe, mar a shainmhínítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
Tugtar forléargas sna treoirlínte sin ar chleachtais intleachta saorga a mheastar a bheith do-ghlactha mar gheall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo do luachanna Eorpacha agus do chearta bunúsacha.
Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, arb é is aidhm dó an nuálaíocht a chur chun cinn agus ardleibhéil sláinte, sábháilteachta agus cosanta do chearta bunúsacha á n-áirithiú ag an am céanna, déantar córais intleachta saorga a aicmiú i gcatagóirí riosca éagsúla, lena n-áirítear catagóirí riosca toirmiscthe, ardriosca, agus iad siúd atá faoi réir oibleagáidí trédhearcachta. Tugtar aghaidh go sonrach sna treoirlínte ar chleachtais amhail ionramháil dhíobhálach, scóráil shóisialta, agus cian-sainaithint bhithmhéadrach fíor-ama, i measc nithe eile.
Tá na treoirlínte ceaptha chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtach agus aonfhoirmeach an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh. Cé go dtugann siad léargas luachmhar ar léirmhíniú an Choimisiúin ar na toirmisc, tá siad neamhcheangailteach, agus tá léirmhínithe údarásacha forchoimeádta do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE). Tugtar mínithe dlíthiúla agus samplaí praiticiúla sna treoirlínte chun cabhrú le páirtithe leasmhara ceanglais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a thuiscint agus a chomhlíonadh. Leagtar béim sa tionscnamh seo ar thiomantas an Aontais timpeallacht IS atá sábháilte agus eiticiúil a chothú.
Íoslódálacha
Approval of the content of the draft Communication from the Commission - Commission Guidelines on prohibited artificial intelligence practices established by Regulation (EU) 2024/1689 (AI Act)