Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

An Gníomh um Chibear-Athléimneacht

  • POLICY AND LEGISLATION
  • Foilseachán 15 Meán Fómhair 2022

Leis an togra le haghaidh rialachán maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar a dtugtar an Gníomh um Chibear-Athléimneacht, neartaítear rialacha cibearshlándála chun táirgí crua-earraí agus bogearraí níos sláine a chinntiú.

EU Cyber Resilience Act - For safer and more secure digital products
© European Union

Tá méadú ag teacht ar líon na gcibirionsaithe rathúla a dhéantar ar chrua-earraí agus ar bhogearraí, rud a fhágann go meastar go mbeidh costas bliantúil domhanda EUR 5.5 trilliún ar an gcibearchoireacht faoi 2021.

Tá dhá mhórfhadhb ag baint le táirgí den sórt sin, rud a chuireann costais ar úsáideoirí agus ar an tsochaí:

  1. leibhéal íseal cibearshlándála, arna léiriú ag leochaileachtaí forleathana agus soláthar neamhleor agus neamhréireach nuashonruithe slándála chun aghaidh a thabhairt orthu, agus
  2. tuiscint agus rochtain neamhleor ar fhaisnéis ag úsáideoirí, rud a chuireann cosc orthu táirgí a bhfuil airíonna cibearshlándála leordhóthanacha acu a roghnú nó iad a úsáid ar bhealach slán. 

Cé go bhfuil feidhm ag reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh atá ann cheana maidir le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ní chumhdaítear formhór na dtáirgí crua-earraí agus bogearraí faoi láthair le haon reachtaíocht de chuid an Aontais lena dtéitear i ngleic lena gcibearshlándáil. Go háirithe, ní thugtar aghaidh i gcreat dlíthiúil reatha an Aontais ar chibearshlándáil bogearraí neamhleabaithe, fiú má dhírítear níos mó agus níos mó ar leochaileachtaí sna táirgí sin le hionsaithe cibearshlándála, rud a chruthaíonn costais shuntasacha shochaíocha agus eacnamaíocha.

Sainaithníodh dhá phríomhchuspóir arb é is aidhm dóibh feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú: 

  1. dálaí a chruthú chun táirgí slána ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbairt trína áirithiú go gcuirfear táirgí crua-earraí agus bogearraí ar an margadh ar lú na leochaileachtaí atá acu agus trína áirithiú go dtabharfaidh monaróirí aird chuí ar an tslándáil le linn saolré táirge; agus
  2. dálaí a chruthú lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí an chibearshlándáil a chur san áireamh agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á roghnú agus á n-úsáid acu.

Leagadh amach ceithre chuspóir shonracha:

  1. a áirithiú go gcuirfidh monaróirí feabhas ar shlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ó chéim an deartha agus na forbartha agus ar feadh na saolré iomláine;
  2. creat cibearshlándála comhleanúnach a áirithiú, lena n-éascófar comhlíonadh le haghaidh táirgeoirí crua-earraí agus bogearraí;
  3. feabhas a chur ar thrédhearcacht airíonna slándála táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus
  4. é a chur ar a gcumas do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a úsáid go slán.

Rochtain a fháil ar an nGníomh um Chibear-Athléimneacht i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Related content

  • Report / Study
  • 15 Meán Fómhair 2022
Gabhann an Measúnú Tionchair seo leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an Gníomh um Chibear-athléimneacht.