Sna treoirlínte, cuirtear i láthair bearta agus dea-chleachtais maidir lehardáin an-mhór ar líne (VLOPanna) agus innill chuardaigh (VLOSEanna) a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir acu san Aontas, is féidir iad a úsáid chun rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh sláine na bpróiseas toghchánach a chur i mbaol a mhaolú.
Fuair an comhairliúchán ionchur ó 77 bpáirtí leasmhara, ar eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta iad 34 díobh, 18 VLOPanna nó VLOSEanna nó comhlachais ghnó, 9 saoránach de chuid an Aontais agus neamh-AE, 8 n-acadóir agus 5 údarás phoiblí. Ar an iomlán, ba dhíol sásaimh do na páirtithe leasmhara an tionscnamh agus d’aithin siad gur gá dea-chleachtais a shainaithint le haghaidh VLOPanna agus VLOSEanna chun na rioscaí a bhaineann le próisis toghcháin a mhaolú.
Déantar breithniú sa tuarascáil ar an méid a cuireadh leis an gcomhairliúchán poiblí, lena gcumhdaítear aiseolas maidir le raon feidhme na dtreoirlínte, na bearta maolaithe IS a bhaineann go sonrach leis an toghchán agus na bearta giniúnacha maolaitheacha chomh maith le comhar le húdaráis náisiúnta, le saineolaithe agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Cumhdaítear leis freisin aiseolas maidir leis na dea-chleachtais a mholtar roimh thoghchán, lena linn agus ina dhiaidh chomh maith le treoir shonrach do thoghcháin Eorpacha.
Cuirtear san áireamh sna treoirlínte deiridh an t-aiseolas a fuarthas sa chomhairliúchán poiblí, trí chruinnithe comhchéime agus cruinnithe le páirtithe leasmhara chomh maith le hionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha.