Cé gur thug paindéim COVID-19 spreagadh do dhigitiú cuideachtaí ar fud na hEorpa, tá claochlú digiteach an ghnó fós chun deiridh i roinnt mhaith Ballstát de chuid an Aontais. Chun acmhainneacht dhigiteach cuideachtaí Eorpacha a mhéadú agus, dá bhrí sin, chun a n-athléimneacht in aghaidh suaití amach anseo a mhéadú, thiomnaigh an Coimisiún Eorpach pointe bunúsach dá Theachtaireacht maidir le Compás Digiteach do Chlaochlú Digiteach Gnólachtaí agus bhunaigh sé spriocanna uaillmhianacha atá le baint amach faoi 2030. Is ó NextGenerationEU a thagann rannchuidiú bunúsach d’Eoraip dhigiteach athléimneach, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), lenar gealladh 20 % ar a laghad den chistiú a thiomnú don aistriú digiteach. Sa tuarascáil seo, déantar measúnú ar Phleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRPanna) na mBallstát i ndáil le digitiú gnólachtaí agus ar a rannchuidiú chun spriocanna na Deacáide Digití a bhaint amach.
An tuarascáil.pdf
Íoslódálacha
Contributor
Ard-Stiúrthóireacht CONNECT A4 sa Choimisiún Eorpach