Tháinig príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear oibreoirí fuinnimh, táirgeoirí, soláthraithe córais, slánaitheoirí, monaróirí feistí, agus institiúidí taighde, le chéile sa Bhruiséil an 11 Márta 2024 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun na céimeanna a bheidh ann amach anseo maidir le cur chun feidhme CEEDS a leagan amach.
Pléadh réamh-treoirphlean CEEDS, inar leagadh béim ar na creataí comhair agus idir-inoibritheachta atá riachtanach chun go n-éireoidh leis. Is céim shuntasach é an treoirphlean i dtreo cúpla digiteach de chóras fuinnimh na hEorpa a bhaint amach, agus béim á leagan ar ról ríthábhachtach na dteicneolaíochtaí digiteacha chun spriocanna an Aontais maidir le dícharbónú agus iomaíochas a bhaint amach.
Baineannan chéad chéim eile le cur in úsáid iarbhír CEEDS, a fhaigheann tacaíocht ón gClár don Eoraip Dhigiteach (DEP). Fógraíodh glao ar thionscadail, ina n-iarrtar tograí lena n-ailínítear le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais agus lena n-éascaítear comhtháthú earnála. Leis an nglao sin, spreagtar rannpháirtíocht ó raon leathan Ballstát agus geallsealbhóirí, agus é mar aidhm leis spás sonraí fuinnimh Eorpach atá slán agus nuálach a bhunú.
I measc na dtorthaí abhfuiltear ag súil leo ar CEEDS tá bonneagair theicniúla lena gcumhdaítear na comhpháirteanna riachtanacha uile, amhail samhlacha sonraí, APInna malartaithe, agus córais rialachais. Tabharfaidh na bonneagair sin aghaidh ar chásanna úsáide éagsúla, idir acmhainní fuinnimh dáilte a bhainistiú agus luchtú feithiclí leictreacha a bharrfheabhsú, éifeachtúlacht na n-eangach leictreachais a fheabhsú, agus tacú le comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite.
Ina theannta sin, féachann an tionscnamh le samhlacha gnó oiriúnacha agus córas rialachais a bhunú chun inbhuanaitheacht agus inrochtaineacht an spáis sonraí a áirithiú tar éis shaolré an tionscadail. Déanfar an comhtháthú le héiceachórais sonraí áitiúla agus náisiúnta a rianú le tuarascálacha débhliantúla, agus cinnteoidh nuashonruithe rialta ar úsáid agus ar chothabháil feabhas leanúnach agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara.
Is bunchloch de straitéis an Aontais chun digitiú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh é CEEDS, straitéis atá ailínithe leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus leis an bplean RePowerEU. Trí chomhar trasearnála a chothú agus trí na creataí digiteacha atá ann cheana a ghiaráil, spreagfaidh CEEDS an t-aistriú chuig margadh fuinnimh atá níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla agus níos comhtháite san Eoraip.
Tuilleadh eolais faoin straitéis Europen maidir le Sonraí agus Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha