Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tuairimí bailithe ag an gCoimisiún faoi Phrionsabail Threoracha G7 maidir leis an Intleacht Shaorga Ghinteach

Sheol an Coimisiún suirbhé le páirtithe leasmhara inniu maidir le dréacht-Phrionsabail Threoracha Idirnáisiúnta d’eagraíochtaí a bhfuil ardchórais intleachta saorga á bhforbairt acu, suirbhé a chomhaontaigh airí G7 le haghaidh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara.

graphic showing a human hand holding a hexagone with AI written in the middle

iStock photo Getty Images plus

Tá na prionsabail sin á bhforbairt faoi láthair ag Comhaltaí G7 faoi phróiseas Hiroshima maidir leis an Intleacht Shaorga chun ráillí cosanta a chur ar bun ar an leibhéal domhanda. Is é is aidhm don aon dréacht-phrionsabal treorach déag, lena gcumhdaítear ardchórais intleachta saorga amhail samhlacha bunúsacha agus intleacht shaorga ghinitheach, sábháilteacht agus iontaofacht na teicneolaíochta a chur chun cinn. Ar an mbonn sin, tá sé d’aidhm ag comhaltaí G7 Cód Iompair a thiomsú a thabharfaidh treoir d’eagraíochtaí a fhorbraíonn uirlisí intleachta saorga.

Seo mar a labhair Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht:

Tá deiseanna ag baint leis an intleacht shaorga ghiniúnach ach tá rioscaí agus dúshláin ag baint léi freisin agus ní mór dúinn go práinneach creat a mhúnlú don teicneolaíocht sin ar an leibhéal domhanda. Leis na prionsabail sin, beidh an chéad tacar treoirlínte idirnáisiúnta ag an Aontas agus ag daonlathais atá ar aon intinn leo chun úsáid eiticiúil agus shábháilte ardchórais intleachta saorga a chur chun cinn agus chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán cearta uilíocha an duine.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Leis an nGníomh um Intleacht Shaorga, is é an tAontas ceannródaí domhanda maidir le rialacha soiléire comhréireacha a leagan síos maidir leis an intleacht shaorga chun dul i ngleic le rioscaí agus an nuálaíocht a chur chun cinn. Tá áthas orm go bhfuil príomhphrionsabail an Ghnímh um Intleacht Shaorga ina n-inspioráid do chur chuige idirnáisiúnta maidir le rialáil agus rialachas IS. Is léiriú é sin ar ról na hEorpa mar cheannródaí caighdeán domhanda.

Iarrtar ar gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh sa suirbhé faoin 20 Deireadh Fómhair. Beidh an t-aiseolas a gheofar mar bhonn eolais do sheasamh an Aontais i bpróiseas G7 agus cuideoidh sé leis an bplé chun bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht maidir leis na treoirphrionsabail agus maidir le Cód Iompair idirnáisiúnta deonach a fhorbairt d’fhorbróirí IS, a bheidh le formhuiniú ag ceannairí G7 i mbliana.

Comhlánóidh treoirphrionsabail G7 agus an Cód Iompair deonach ar an leibhéal domhanda na rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá á dtabhairt chun críche faoi láthair ag comhreachtóirí an Aontais faoin nGníomh um Intleacht Shaorga.

Don suirbhé ar pháirtithe leasmhara