
Tagann sé sin sna sála ar an gcomhaontú polaitiúil ar thángthas air i mí na Nollag 2023 maidir le Gníomh um an Intleacht Shaorga — an chéad dlí cuimsitheach ar domhan maidir leis an Intleacht Shaorga — lena dtacófar le forbairt, imlonnú agus glacadh IS iontaofa san Aontas.
Ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2023, d’ fhógair an tUachtarán von der Leyen tionscnamh nua chun sár-ríomhairí na hEorpa a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha chun a samhlacha iontaofa intleachta saorga a oiliúint. Mar chéad chéim, sheol an Coimisiún Mórdhúshlán IS i mí na Samhna 2023, duais lena dtugtar tacaíocht airgeadais agus rochtain sár-ríomhaireachta do ghnólachtaí nuathionscanta IS. Leis an bpacáiste sin, cuirtear an gealltanas sin i bhfeidhm trí raon leathan beart chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus nuálaíocht IS, lena n-áirítear togra chun rochtain phribhléideach ar shár-ríomhairí a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta intleachta saorga agus don phobal nuálaíochta i gcoitinne.
Léigh tuilleadh faoi: