Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Policy and legislation | Foilseachán

Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear an Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga

Bunófar Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga laistigh den Choimisiún mar chuid de struchtúr riaracháin Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta agus faoi réir a phlean bainistíochta bliantúil.

Ba cheart don Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga oibriú i gcomhréir le próisis inmheánacha an Choimisiúin agus níor cheart dá bunú difear a dhéanamh do chumhachtaí ná d’inniúlachtaí na n-údarás inniúil náisiúnta, ná do chumhachtaí ná d’inniúlachtaí chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais i dtaca le maoirseacht a dhéanamh ar chórais intleachta saorga, dá bhforáiltear sa Rialachán atá le teacht lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus reachtaíocht earnála eile de chuid an Aontais. Tá sé gan dochar d’fheidhmeanna ranna eile an Choimisiúin ina réimsí freagrachta faoi seach, agus feidhmeanna na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála. Ba cheart don Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga a cúraimí a fheidhmiú, go háirithe chun treoir a eisiúint, ar bhealach nach ndéanann dúbláil ar ghníomhaíochtaí chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais faoi reachtaíocht earnáilsonrach.

Léigh tuilleadh eolais faoi:

Íoslódálacha

Commission Decision Establishing the European AI Office
Íoslódáil