Tugtar isteach leis an Acht um Bonneagar Gigighiotáin (GIA) sraith gníomhaíochtaí chun imscaradh líonraí fíor-ardacmhainne a shimpliú agus a bhrostú, amhail snáithín agus 5G, tríd an ualach riaracháin agus na costais a bhaineann le himscaradh a laghdú. Is príomhghnéithe iad líonraí gigighiotáin a bheith ar fáil go hiomlán agus líonraí feidhmíochta 5G a chur i bhfeidhm i ngach limistéar ina bhfuil daonra chun tacú le haistriú digiteach gheilleagar agus shochaí na hEorpa, mar a leagtar amach i spriocanna an Aontais maidir leis an aistriú digiteach le haghaidh 2030, clár beartais na Deacáide Digití.