Éascaíonn an Coimisiún Eorpach an comhaontú sin faoiShaoráid Ráthaíochta Earnálacha anChultúir agus na Cruthaitheachta agus faoingCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, ar cuid den Phlean Infheistíochta don Eoraipé. Ceadóidh sé rochtain ar mhaoiniú do na gnólachtaí beaga cultúrtha agus cruthaitheacha go minic, atá gníomhach i roinnt de na hearnálacha is mó atá buailte sa gheilleagar, rud a thabharfaidh bealach amach as an ngéarchéim i dtreo fás inbhuanaithe.
Seo mar a labhair ThierryBreton, an Coimisinéir uman Margadh Inmheánach:
“Tá ár dtacaíocht de dhíth ar an gcultúragus ar na cruthaitheoirí le linn ghéarchéim COVID-19. Le comhaontú an lae inniu le Banc Triodos agus leis an gCiste Eorpach Infheistíochta, a fhaigheann tacaíocht ó CEIS faoi Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta, cuirfear ar fáil suas le 200 milliún d’iasachtaí do ghnólachtaí cultúir agus cruthaitheacha sa Spáinn, sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin. Cuideoidh sé lena dtéarnamh ionas go leanfaidh siad de bheith ag cur le tírdhreach cultúrtha saibhir na hEorpa.”
Faoi chreat anchláir Eoraip na Cruthaitheachta, téann Saoráid Ráthaíochta Earnálachaan Chultúir agus na Cruthaitheachta chun tairbhe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair mheánmhéide (FBManna) in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, a mbíonn deacrachtaí acu go minic rochtain a fháil ar mhaoiniú fiachais inacmhainne dá dtionscadail. Leis an tionscnamh seo, ráthófar suas le EUR 2 bhilliún d’iasachtaí nua do na mílte FBManna cultúrtha agus cruthaitheacha. Go dtí seo, tá EUR 546.5 billiún d’infheistíocht curtha ar fáil ar fud an Aontais ag an bPlean Infheistíochta don Eoraip.
Tápreaseisiúintón gCiste Eorpach Infheistíochta ar fáil freisin.