Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

An Rialachán maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a glacadh chun tacú le nascacht ar fud an Aontais

Ghlac Parlaimint na hEorpa an rialachán lena mbunaítear an chéad chlár eile de chuid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE), lena dtacófar le hinfheistíochtaí i líonraí bonneagair iompair, fuinnimh agus digiteacha na hEorpa a bhfuil buiséad EUR 33.71 billiún acu don tréimhse 2021-27.

Connected rural area

iStock photo Getty Image plus

Nuair a ghlac Parlaimint na hEorpa an tseachtain seo, tar éis don Chomhairle é a ghlacadh an 14 Meitheamh, cuirtear bailchríoch ar an nós imeachta reachtach agus is rannchuidiú tábhachtach é chun na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Áirítear ar na chéad chéimeanna eile chun clár SCE a chur chun feidhme clár oibre a bheith á ghlacadh ag an gCoimisiún.

Le buiséad EUR 2.07 billiún (i bpraghsanna reatha), leis an gcuid dhigiteach de SCE, maoineofar tionscadail nascachta atá chun leasa an Aontais i gcoitinne agus rannchuideoidh sé le líonraí gigighiotáin agus 5G a chur in úsáid ar fud an Aontais. Leis an bpaindéim atá ann faoi láthair, leagadh béim ar an ngá atá le nascacht níos fearr agus le treochtaí digitithe atá ag teacht chun cinn a luathú. Trí rochtain a fháil ar naisc thapa, iontaofa agus chobhsaí, is féidir le go leor daoine dul i mbun teilea-oibre, dul i dteagmháil lena ngnólachtaí ar líne agus fanacht nasctha le chéile. Tacaíonn nascacht le rochtain ar oideachas ar líne, ar sheirbhísí poiblí, ar scileanna digiteacha agus ar dheiseanna nua. Ar an gcaoi sin, is féidir le hardlíonraí, go háirithe 5G, rannchuidiú le nuálaíochtaí forleathana a scaoileadh ar fud na n-earnálacha lena n-áirítear earnáil na míochaine, earnáil na monaraíochta, earnáil an iompair, earnáil na ngluaisteán agus earnáil an fhuinnimh. 

Déanfaidh SCE Digiteach an méid seo a leanas:

  • rannchuidiú le líonraí digiteacha fíor-ardacmhainne agus córais 5G atá sábháilte agus slán a chur in úsáid agus le rochtain orthu;
  • tacú le slándáil, athléimneacht agus acmhainneacht mhéadaithe na líonraí digiteacha cnámh droma san Aontas;
  • digitiú na ngréasán iompair agus fuinnimh a chothú.

Bunaithe ar an Rialachán nua maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a glacadh inniu, cuirfear acmhainní ar fáil leis an gclár chun imscaradh 5G a chur chun cinn feadh phríomhchonairí iompair an Aontais, agus ar an gcaoi sin beifear in ann forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí úrscothacha, amhail Soghluaisteacht Nasctha agus Uathoibrithe. Chomh maith leis sin, tacóidh sé le dea-chleachtais le haghaidh glacadh luath 5G i bpobail chliste áitiúla, mar shampla chun seirbhísí leasa ghinearálta a dhéanamh, amhail seirbhísí sláinte nó oideachais, níos éifeachtúla agus níos gaire do shaoránaigh. 

Ina theannta sin, leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa Digiteach, beifear in ann seirbhísí ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus néalseirbhísí nuálacha a chomhtháthú. Áiritheoidh infheistíochtaí nascachta spriocdhírithe go mbeidh rochtain ar acmhainní digiteacha úrscothacha ar fud an Aontais, agus go nascfar an tAontas le comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta, mar shampla trí nascacht fomhuirí nó satailíte.  Nascfaidh sé lárionaid ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus bonneagair néalríomhaireachta le haghaidh comhroinnt shlán iontaofa sonraí, rud a chuirfidh borradh faoi iomaíochas agus acmhainneacht an Aontais chun dul i ngleic le dúshláin chasta shochaíocha.

Trí bhonneagar nascachta an Aontais a thógáil agus a uasghrádú, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí, is féidir rannchuidiú le limistéir iargúlta agus oileáin a nascadh, agus nascacht leordhóthanach a chur ar fáil ar an gcaoi sin do shaoránaigh uile an Aontais. Beidh ról lárnach ag an nascacht maidir le ceantair thuaithe a athbheochan le deiseanna nua chun páirt a ghlacadh sa chlaochlú digiteach. Go deimhin, léirítear i suirbhé a rinneadh le déanaí ar thuairimí an phobail go gcreideann níos mó ná 90 % de mhuintir na hEorpa a ndearnadh suirbhé orthu go mbeidh tarraingteacht na gceantar tuaithe ag brath ar nascacht atá ar fáil.

Is é an chéad chéim eile bailchríoch a chur ar an gcéad chlár oibre digiteach SCE agus na glaonna comhfhreagracha a sheoladh, a bhfuiltear ag súil leo níos déanaí i mbliana.

 

An Rialachán maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa