Is é an aidhm atá ann ná timpeallacht steiriúil a chinntiú in ospidéil gan baill foirne a nochtadh do riosca nach bhfuil gá leis. Ós rud é gur próiseas fisiciúil é seo seachas ceann a úsáideann díghalrán ceimiceach, tá sé níos sábháilte d’fhoireann an ospidéil toisc nach gá dóibh ceimiceáin thocsaineacha, ghuaiseacha nó chreimneacha a láimhseáil, a iompar nó a stóráil níos mó. Oibríonn an fhoireann glantacháin an róbat go cianda trí aip mhóibíleach agus cuirtear tús leis an oibríocht lasmuigh den seomra atá le díghalrú, mar sin níl aon oibrí cúraim sláinte i láthair le linn an phróisis. Is cuid d’iarracht an Choimisiúin an trealamh úsáideach agus riachtanach a chur ar fáil do na Ballstáit chun dul i ngleic leis an bpaindéim, arna soláthar ag an gcuideachta Dhanmhargach UVD Robots, a bhuaigh tairiscint soláthair éigeandála. San iomlán, tá EUR 12 mhilliún ar fáil ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun 200 róbat a cheannach.