Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An Clár don Eoraip Dhigiteach atá oscailte don Mholdóiv

Shínigh an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach Thierry Breton agus Leas-Phríomh-Aire na Moldóive agus an tAire Forbartha Eacnamaíche agus Digitithe Dumitru Alaiba comhaontú comhlachais don Chlár don Eoraip Dhigiteach leis an Moldóiv.

Digital Europe Programme open to Moldova

iStock photo Getty images plus

Tar éis na sínithe, agus nuair a bheidh na próisis daingniúcháin ghaolmhara curtha i gcrích, tiocfaidh an comhaontú comhlachais i bhfeidhm go cúlghabhálach amhail ón 1 Eanáir 2024. Beidh gnólachtaí, údaráis riaracháin phoiblí agus eagraíochtaí incháilithe eile sa Mholdóiv in ann rochtain a fháil ar ghlaonna an Chláir don Eoraip Dhigiteach, clár a bhfuil buiséad foriomlán EUR 7.5 billiún aige sa tréimhse 2021-2027.  

Seo mar a labhair Thierry Breton, Coimisinéir an Aontais Eorpaigh um an Margadh Inmheánach: 

Céim thábhachtach inár gcomhpháirtíocht leis an Moldóiv is ea síniú chomhaontú comhlachais an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Cuirfidh a rannpháirtíocht sa chlár borradh faoi dhigitiú na Moldóive, rud a rachaidh chun tairbhe do FBManna agus don gheilleagar i gcoitinne. Tá sé mar chuid d’iarrachtaí an Aontais tacú leis an Moldóiv agus í ar a bealach chuig an Aontas agus aghaidh á tabhairt aici ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Feabhsaítear tacaíocht an Chláir trí laghdú 95 % a dheonú ar na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla arna ndéanamh ag an Moldóiv chun páirt a ghlacadh sa Chlár don Eoraip Dhigiteach go dtí deireadh an Chláir in 2027. Beidhrannpháirtithe ón Moldóiv in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail a úsáideann teicneolaíochtaí digiteacha ar fud an Aontais i réimsí sonracha amhail an intleacht shaorga agus ardscileanna digiteacha. Tacóidh an cistiú freisin le Moil Nuálaíochta Digití a bhunú sa Mholdóiv.  

Comhlánóidh cistí an Chláir don Eoraip Dhigiteach an cistiú atá ar fáil don Mholdóiv trí chláir eile de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach. Tá na cuspóirí agus na topaicí sonracha atá incháilithe faoi láthair le haghaidh cistiúcháin mionsonraithe sna Cláir Oibre.

Tuilleadh eolais