Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

An comhar digiteach idir an tAontas agus an Bhrasaíl á neartú acu

An 20 Márta, reáchtáil an tAontas Eorpach agus Rialtas na Brasaíle an 12a Idirphlé Digiteach in Brasilia na Brasaíle.

The EU and Brazil strengthen their digital cooperation

iStock photo Getty images plus

Is é is aidhm don Idirphlé Digiteach idir an tAontas agus an Bhrasaíl leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha chun claochlú digiteach cuimsitheach, fás inbhuanaithe a chothú agus nuálaíocht a chur chun cinn. I gcomhthéacs saol digiteach atá ag athrú go tapa, tá sé d’aidhm ag na comhpháirtithe freisin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an éabhlóid thapa sin. Tá na luachanna céanna ag na comhpháirtithe, is iad sin an daonlathas, cearta an duine agus an fhorbairt inbhuanaithe.

Tá an t-idirphlé digiteach ina bhunchloch den chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an Bhrasaíl a bunaíodh in 2007, lena gcothaítear comhar níos doimhne thar raon leathan saincheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta.  

Le linn an idirphlé dhigitigh, chomhaontaigh an tAontas agus an Bhrasaíl go n-oibreoidís i gcomhar le chéile ar thionscadail nascachta, go háirithe i réigiúin sa Bhrasaíl nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, leanúint dá gcuid oibre coitinne ar theicneolaíochtaí 5G agus 6G agus tacú le comhar feabhsaithe idir lárionaid Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta sa Bhrasaíl agus san Aontas. Thairis sin, tá sé d’aidhm ag an dá chomhpháirtí freisin malartú faisnéise faoi shlabhraí soláthair leathsheoltóirí a chothú, oibriú ar idir-inoibritheacht theicniúil na gcóras sínithe dhigitigh, leanúint den idirphlé maidir le cosaint sonraí agus sreafaí sonraí idirnáisiúnta agus dea-chleachtais a mhalartú agus comhar a chur chun cinn maidir leis na creataí rialála le haghaidh sonraí, intleacht shaorga agus ardáin. Leanfaidh siad de bheith ag comhoibriú i bhfóraim idirnáisiúnta bunaithe ar a gcomhluachanna.

Bhí Renate Nikolay, Leas-Ardstiúrthóir na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún Eorpach, agus an tAmbasadóir Laudemar Goçalves de Aguiar Neto, Rúnaí Chur Chun Cinn na Trádála, Eolaíochta, Teicneolaíochta, Nuálaíochta agus Cultúir na Brasaíle ina gcomhchathaoirligh ar an Idirphlé Digiteach.

D’eisigh an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl ráiteas comhpháirteach.

Tá an chéad Idirphlé Digiteach eile beartaithe do 2025.

Tuilleadh faoin gcaidreamh idirnáisiúnta sa réimse digiteach