D’eisigh siad an phreaseisiúint chomhpháirteach seo a leanas tar éis an chruinnithe fhíorúil a bhí acu:
Cuideoidh an Chomhpháirtíocht Dhigiteach nua leis an Aontas agus le Ceanada aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua sa chlaochlú digiteach a mbíonn tionchar acu ar an taighde, ar an tionsclaíocht, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar i gcoitinne.
Is é is aidhm dó díriú ar chomhar a mhéadú maidir leis an intleacht shaorga (IS), eolaíocht chandamach agus leathsheoltóirí, beartas poiblí a bhaineann le hardáin ar líne, nascacht idirnáisiúnta shlán, agus cibearshlándáil. Pléifear na tosaíochtaí sin ar leibhéal na n-oifigeach trí Idirphlé Digiteach i mí Feabhra.