Is príomhfhóram é an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta le haghaidh dlúthchomhar maidir le saincheisteanna trádála agus teicneolaíochta trasatlantacha. Rinne na Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin Margrethe Vestager agus Valdis Dombrovskis, i dteannta an Choimisinéara Thierry Breton, ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin. Ar thaobh na Stát Aontaithe, bhí Antony Blinken, Státrúnaí na Stát Aontaithe, Gina Raimondo, Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe agus Katherine Tai, Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe, i láthair.
Cúrsaí digiteacha sa Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe