Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 24 Meán Fómhair 2024

€65 mhilliún infheistithe ag an Aontas i sliseanna candamacha

D’oscail an Comhghnóthas um Shliseanna glaonna chun tacú le tionscnaimh taighde agus nuálaíochta leathsheoltóirí.

A 3D illustration of electronic chips, composed of interconnected golden lines with blue light nodes at their intersections. The cube appears to be in the process of data transfer as suggested by the dynamic streaks emanating from it.

iStock GettyImages 1487139620 © Just_Super

Is é sin an chéad ghlao den sórt sin ar theicneolaíochtaí candamacha chun dlús a chur leis an infheistíocht i dteicneolaíochtaí teorann, go háirithe sliseanna candamacha le haghaidh ríomhaireachta agus braiteachta.  

Meastar go ndéanfaidh stáit rannpháirteacha an Chomhghnóthais um Shliseanna maoiniú €65 mhilliún ón Aontas a mheaitseáil leis an nglao sin. Is cuid é sin den infheistíocht €200 milliún ón Aontas i sliseanna candamacha atá beartaithe faoin gComhghnóthas um Shliseanna sna trí bliana amach romhainn. 

Leis an nglao, roghnófar tionscadail chun teicneolaíochtaí candamacha a fhorbairt agus a mhonarú chun an nuálaíocht san Eoraip a fheabhsú agus réiteofar an bealach chun slabhra soláthair monaraíochta a bhunú le haghaidh sliseanna candamacha san Eoraip.  

I measc na bhfeidhmchlár san fhíorshaol tá réiteach a fháil ar fhadhbanna casta barrfheabhsaithe sa lóistíocht agus i mbainistiú an tslabhra soláthair, dlús a chur le fionnachtain drugaí trí ionsamhlúcháin mhóilíneacha, feabhas a chur ar an gcibearshlándáil le hardmhodhanna criptithe, agus feabhas a chur ar an intleacht shaorga agus ar algartaim mheaisínfhoghlama. 

Is é an dáta deiridh le haghaidh tograí le haghaidh na nglaonna sin an 21 Eanáir 2025 ag 17:00 Am Lár na hEorpa.  

Is féidir le heagraíochtaí a bhfuil spéis acu ann iarratas a dhéanamh ar chistiú tríd an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana agus trí shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais um Shliseanna.  

Eolas níos mionsonraithe faoi na glaonna agus faoin bpróiseas iarratais:

Chun tuilleadh faisnéise cúlra a fháil: