
European Commission
Dáilfear deontas iomlán de bheagnach EUR 150 milliún ón Aontas le haghaidh na dtionscadal, na staidéar féidearthachta nó na n-oibreacha thuasluaite, a roghnaíodh i measc na dtograí a fuarthas don chéad ghlao ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa — Digiteach (SCE Digiteach).
Cuimsíonn raon feidhme na dtionscadal arna gcistiú bonneagair líonra 5G i bpobail áitiúla agus tuaithe agus feadh mórchonairí iompair Eorpacha,cáblaí fomhuirí a imscaradh laistigh de chríoch an Aontais nó an tAontas a nascadh le tríú tíortha, chomh maith le hidirnaisc néalbhonneagair, agus bonneagar seirbhísí taifigh DNS na hEorpa a chur chun feidhme.
Le tacaíocht ó SCE Digiteach, cuirfidh na tionscadail roghnaithe feabhas ar bhonneagar nascachta 5G agus cnámh droma na hEorpa. Tá sé sin ríthábhachtach chun claochlú digiteach na hEorpa agus spriocanna nascachta an Aontais do na deich mbliana amach romhainn a bhaint amach, eadhon a áirithiú go mbeidh nascacht ghigighiotáin ag gach teaghlach san Aontas agus go gcumhdófar na limistéir uile a bhfuil daonra iontu faoi nascacht 5G faoi 2030.
Déanfaidh clár maoinithe na Saoráide um Chónascadh na hEorpa líonraí nascachta Eorpacha agus idirnáisiúnta a neartú trí thacú le bonneagair cnámh droma atá ann cheana san Aontas agus le tríú tíortha atá ar aon intinn leo a uasghrádú nó trí na bonneagair sin a uasghrádú. Tá sé sin ríthábhachtach d’idirnasc na n-acmhainní digiteacha, amhail néalríomhaireacht, sonraí agus ríomhaireacht, atá oiriúnach d’uaillmhian an Aontais a bheith ceannasach go digiteach.
Foráiltear do níos mó glaonna ar thograí i gClár Oibre Digiteach SCE. Tá an dara glao ar thograí oscailte faoi láthair agus buiséad EUR 277 milliún de thacaíocht airgeadais ag gabháil leis. Chun iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar an leathanach seo.
Cúlra
Agus buiséad suas le EUR 2 bhilliún beartaithe go dtí 2027, tacóidh SCE Digiteach leis an gclaochlú digiteach agus le spriocanna Deich mBliana Digiteacha na hEorpa don nascacht sheasta agus mhóibíleach. Is cuid de chlár SCE é, clár a thacaíonn le hinfheistíocht i líonraí digiteacha, iompair agus fuinnimh tras-Eorpacha, ar fiú EUR 33.7 billiún é ó 2021 go 2027.
Chun tuilleadh eolais a fháil
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa — An Dara Glao ar Thograí