Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An Fhéiniúlacht Dhigiteach Eorpach: Ardán comhairliúcháin ar líne maidir le Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí

Tá ardán ar líne seolta ag an gCoimisiún chun aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara chun Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí a bheidh ann amach anseo a mhúnlú.

graphic showing a person holding a mobile phone and unlocking it with fingertip

iStock photo Getty images plus

An 3 Meitheamh 2021, mhol an Coimisiún céannacht dhigiteach iontaofa shlán do gach Eorpach, tiachóga céannachta digití san áireamh. Cuirfidh na tiachóga digiteacha pearsanta sin ar chumas na saoránach iad féin a aithint, a stóráil agus a bhainistiú go digiteach mar aon le doiciméid oifigiúla i bhformáid leictreonach. D’fhéadfadh ceadúnas tiomána, oidis leighis nó dioplómaí a bheith i gceist leis sin. A bhuí leis an tiachóg sin, beidh saoránaigh in ann a gcéannacht a chruthú nuair is gá chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, doiciméid dhigiteacha a roinnt nó tréithe pearsanta ar leith a chruthú, amhail aois, gan a gcéannacht ná aon sonraí pearsanta eile nach bhfuil riachtanach don idirbheart atá i gceist a nochtadh. Beidh smacht iomlán ag saoránaigh ar na sonraí a roinneann siad i gcónaí, agus beidh úsáid an tiachóige go hiomlán deonach.

Chun a áirithiú go ndéanfar an Chéannacht Dhigiteach Eorpach a fhíorú go tapa, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit obair a dhéanamh ar bhosca uirlisí lena dtabharfaí aghaidh ar ghnéithe teicniúla an chórais a bheidh ann amach anseo, agus lánurraim á tabhairt don phlé reachtach sa Pharlaimint agus sa Chomhairle, atá ar siúl ag an am céanna, agus i gcomhréir leis an toradh a bheidh orthu. Táthar ag súil leis an mbosca uirlisí coiteann sin i mí Mheán Fómhair 2022. Beidh an t-ardán ar líne a seoladh inniu oscailte do bharúlacha le linn na caibidlíochta reachtaí agus beidh sé in ann obair a dhéanamh ar an mbosca uirlisí chun gur uirlis phraiticiúil do chách é Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí.

Rochtain ar an ardán ar líne