Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tá feidhm ag rialacha nua cóipchirt de chuid an Aontais a rachaidh chun tairbhe do chruthaitheoirí, do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí

Is é an Luan an 7 Meitheamh an spriocdháta do na Ballstáit chun rialacha nua an Aontais maidir le cóipcheart a thrasuí sa dlí náisiúnta. Leis an Treoir nua maidir le Cóipcheart, cosnaítear an chruthaitheacht sa ré dhigiteach, rud a thugann tairbhí nithiúla do shaoránaigh, do na hearnálacha cruthaitheacha, don phreas, do thaighdeoirí, d’oideoirí agus d’institiúidí oidhreachta cultúrtha ar fud an Aontais. Ag an am céanna, leis an Treoir nua maidir le cláir theilifíse agus raidió, beidh sé níos éasca do chraoltóirí Eorpacha cláir áirithe ar a seirbhísí ar líne a chur ar fáil thar theorainneacha. Thairis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún a threoir inniu maidir le hAirteagal 17 den Treoir nua maidir le Cóipcheart, lena bhforáiltear do rialacha nua maidir le hardáin comhroinnte inneachair.

photo of a part of a keyboard with one key marked as copyright

iStock photo Getty Images plus