Ghlac an Coimisiún páirt i gcleachtadh dar teideal “Cyber Europe”, a ceapadh chun tástáil a dhéanamh ar an ullmhacht i gcás cibirionsaí mórscála ar earnáil fuinnimh na hEorpa. Leis an gcleachtadh, tástáladh comhordú, cumais chomhair agus scileanna bainistithe géarchéime chun athléimneacht na hearnála a mheas. I gcleachtadh Cyber Europe na bliana seo, díríodh ar chás ina mbeadh cibearbhagairtí ar bhonneagar fuinnimh an Aontais i gceist.
Leis an gcleachtadh uile-Eorpach, tugadh le chéile 30 gníomhaireacht náisiúnta cibearshlándála, roinnt gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus líonraí de chuid an Aontais, agus os cionn 1,000 saineolaí a chlúdaíonn raon réimsí ó fhreagairt ar theagmhais go cinnteoireacht.
Is é a dúirt an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton:
“Tosaíocht choiteann is ea an chibearshlándáil. In 2023 amháin, bhí níos mó ná 200 cibirtheagmhas a tuairiscíodh dírithe ar earnáil an fhuinnimh, agus bhí níos mó ná leath díobh dírithe go sonrach ar an Eoraip. Is féidir le bagairtí cibearshlándála in earnálacha criticiúla tionchar a imirt ar ghnáthshaol na saoránach, agus ar ghnólachtaí agus ar sheirbhísí poiblí ar fud an Aontais freisin. Tá an cineál seo cleachtaidh ríthábhachtach chun ár n-athléimneacht i ndáil leis an gcibearshlándáil a thástáil leis na príomh-chomhpháirtithe uile má táimid chun saoránaigh an Aontais a chosaint.”
Is é a dúirt an Coimisinéir um Fhuinneamh, Kadri Simson:
“De réir mar a leanann cibearbhagairtí de bheith ag forbairt, tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt do chleachtaí cibearshlándála. Ní hamháin go gcuireann na bearta réamhghníomhacha sin lenár n-ullmhacht cosaint a thabhairt i gcoinne cibirionsaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, ach cuireann siad béim freisin ar ár dtiomantas ár gcórais a chosaint. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar shofaisticiú na n-eangach cliste, tá na geallta níos airde de réir mar a éiríonn na córais idirnasctha níos soghabhálaí i leith cibearbhagairtí.”
Tar éis an chleachtaidh, cuirfidh tuarascáil anailíse treoir ar fáil chun athléimneacht earnáil fuinnimh an Aontais a neartú. I gcomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, tá an Coimisiún ag obair chun ullmhú níos fearr do chibeartheagmhais mhórscála a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun freagairt dóibh. Tá an Coimisiún ag obair ar nuashonrú a dhéanamh ar a Mholadh 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála. Faigh tuilleadh eolais sna Ceisteanna agus Freagraí faoin gcibearshlándáil agus faoin gCleachtadh Cyber Europe.