Cé go bhfuil imní fós ar an Smacht Reachta i roinnt Ballstát de chuid an Aontais, tá an tuarascáil anois ina príomhspreagadh don athrú agus d’athchóirithe dearfacha. Go deimhin, tugadh aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, ar 65 % de mholtaí na bliana seo caite. Léiríonn sé sin go bhfuil iarrachtaí tábhachtacha ar siúl sna Ballstáit chun obair leantach a dhéanamh ar mholtaí na bliana roimhe sin. Ós rud é go dtógann sé tamall na hathchóirithe chun feabhas a chur ar chreat an smachta reachta, is léiriú é sin ar fhorbairt shuntasach thar thréimhse bliana. Ag an am céanna, tá ábhair imní shistéamacha fós ann i roinnt Ballstát.
Áirítear i bpacáiste an lae inniu Teachtaireacht ina scrúdaítear an staid san Aontas ina iomláine agus 27 gcaibidil tíre ag féachaint ar fhorbairtí suntasacha i ngach Ballstát ó mhí Iúil 2022. Áirítear sa tuarascáil measúnú ar mholtaí na bliana seo caite agus cuirtear moltaí sonracha ar fáil do na Ballstáit arís.
Cumhdaítear ceithre cholún sa tuarascáil: córais cheartais náisiúnta, creataí frithéillithe, iolrachas na meán agus seiceálacha agus cothromaíochtaí institiúideacha eile.
Tuilleadh sonraí maidir leis na príomhthorthaí agus na príomh-mholtaí sa phreaseisiúint iomlán