Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Lá d’Idirlíon Níos Sábháilte 2021: Idirlíon níos fearr do leanaí agus do dhaoine óga

Dé Máirt seo caite, an 9 Feabhra 2021, Lá le haghaidh Idirlín Níos Sábháilte a bhí ann. Seoladh an lá in 2004 agus chuir an líonra d’Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte sna Ballstáit chun cinn é, agus rinneadh an lá a cheiliúradh ar líne i mbreis agus 170 tír ar fud an domhain. Is é an téama “Le chéile ar son idirlíon níos fearr” ná iarraidh ar gach duine páirt a ghlacadh chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte agus níos fearr, go háirithe do leanaí agus do dhaoine óga.

Seo mar a labhair Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige:

Ní mór do dhaoine óga a bheith sábháilte agus cumhachtaithe acu agus iad i mbun nascleanúna ar líne ionas gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as an saol digiteach. Le Plean Gníomhaíochta an Aontais don Oideachas Digiteach, cuirimid an t-oideachas digiteach i gcroílár thimpeallacht oideachais na hEorpa, cuirimid litearthacht dhigiteach chun cinn chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne, chun tacú le hoideachasóirí agus le múinteoirí, agus chun foghlaim ar líne ar ardchaighdeán a áirithiú.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Chuir géarchéim an choróinvíris iallach orainn an chuid is mó dár ngníomhaíochtaí laethúla a bhogadh ar líne agus nuair a ligimid dár leanaí an t-idirlíon a bhrabhsáil, ba mhaith linn iad a chosaint. Táimid tiomanta an claochlú digiteach a dhéanamh chun tairbhe gach duine go sábháilte. Ba cheart go mbeadh an méid atá neamhdhleathach as líne neamhdhleathach ar líne. Táimid ag súil anois go ndéanfaidh tionscal na teicneolaíochta a chion féin ar mhaithe le hidirlíon níos sábháilte i ndáil le rialacha an Aontais gan mhoill.

Leis an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a athbhreithníodh le déanaí, ceanglaítear ar ardáin comhroinnte físeán ar líne srian a chur ar rochtain leanaí ar inneachar díobhálach agus foráiltear sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, a moladh i mí na Nollag 2020, d’oibleagáidí sonracha d’ardáin an-mhór chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí suntasacha d’fholláine mionaoiseach. Ina theannta sin, leis an ardán “Idirlíon Níos Fearr do Leanaí”, mol acmhainní uile-Eorpach faoin Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí, cuirtear saibhreas faisnéise agus acmhainní ábhartha ar fáil do leanaí, dá dtuismitheoirí agus dá n-oideoirí. Chun cosaint níos fearr a thabhairt do leanaí ar líne, thíolaic an Coimisiún straitéis an Aontais anuraidh chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ag díriú ar chomhoibriú leis an tionscal, ar chosc a fheabhsú, ar fhreagairt forfheidhmithe dlí a neartú agus ar chreat dlíthiúil láidir a chur chun feidhme agus a fhorbairt.

Tuilleadh eolais

Suíomh gréasáin Lá na nIdirlíon Níos Sábháilte