Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 21 Samhain 2024

Fóram um Idirlíon Níos Sábháilte 2024 chun dul i ngleic leis an mbulaíocht ar líne agus le hábhar contúirteach ar an ngréasán

Beidh leanaí a chosaint ar bhulaíocht agus ar ábhar díobhálach ar líne ar bharr an chláir oibre ag an bhFóram um Idirlíon Níos Sábháilte 2024, a bheidh ar siúl inniu an 21 Samhain 2024.

Visual of Safer Internet Forum 2024 showing this year's theme: "Where's the harm? Protecting children and young people against inappropriate content and bullying online"

Beidh Leas-Uachtarán an Choimisiúin um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová, in éineacht le lucht déanta beartas, taighdeoirí, comhlachtaí forfheidhmithe dlí, an óige, tuismitheoirí, múinteoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus saineolaithe eile ag an imeacht bliantúil seo, chun plé a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé eispéiris dhigiteacha shábháilte a áirithiú agus leanaí a chosaint ar ábhar míchuí agus ar bhulaíocht ar líne.

Tabharfaidh an fóram aghaidh ar na saincheisteanna sin trí chur chuige faoi stiúir na hóige, agus glacfaidh daoine óga ról gníomhach i bpleanáil agus i seachadadh an imeachta féin. Pléifidh na rannpháirtithe conas is féidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha cabhrú, na rioscaí a bhaineann le hábhar agus iompar díobhálach ar líne a fhiosrú, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, agus roinnfidh siad uirlisí agus straitéisí chun na rioscaí sin a mhaolú.

Is imeacht hibrideach é an Fóram a thugann páirtithe leasmhara éagsúla le chéile, ar an láthair agus ar líne, chun páirt a ghlacadh sa chomhrá maidir le hidirlíon níos sábháilte a thógáil do leanaí agus do dhaoine óga.

Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová:

“Tá go leor bainte amach againn sa sainordú seo: LehIonaid d'Idirlíon Níos Sábháilte agus leis an tairseach d'Idirlíon Níos Fearr do Leanaí, tugtar treoir do leanaí agus cuirtear comhairle agus tacaíocht ar fáil do na milliúin duine ar fud na hEorpa gach bliain. Ach níl ár gcuid oibre ach ina tús. Tá gealltanas tugtha ag an gcéad Choimisiún eile cheana féin gníomhú ar an gcibearbhulaíocht, agus dul i ngleic le tionchar diúltach na meán sóisialta ar an meabhairshláinte. Déanfaimid ár seacht ndícheall freisin tomhaltóirí óga digiteacha a chosaint ar chleachtais tráchtála andúile, mhíthreoracha agus ionsaitheacha.’

Tuilleadh eolais: