Is tionscnamh de chuid an phobail í Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh lena ndéantar códú, smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus litearthacht dhigiteach a cheiliúradh. Is é an sprioc atá aige na scileanna sin a dhéanamh inrochtana do gach duine ar bhealach spraíúil.
Gach bliain, tugann Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh daoine de gach aois agus cúlra le chéile chun cruthaitheacht agus nuálaíocht a fhiosrú trí chódú. In 2026, beidh Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh ar siúl ón 10 go dtí an 25 Deireadh Fómhair, agus beidh na mílte imeacht ar siúl ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Chomh maith leis an bpríomhcheiliúradh i mí Dheireadh Fómhair, bíonn go leor gníomhaíochtaí ar siúl i rith na bliana freisin .
Cén fáth ar cheart duit páirt a ghlacadh i Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh?
Tá Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh ann do chách – daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí, scoileanna agus díograiseoirí códúcháin. Seo an fáth ar cheart duit smaoineamh ar pháirt a ghlacadh:
- Foghlaim scileanna nua: is scil luachmhar í an chódú i saol digiteach an lae inniu agus cuidíonn sé leat tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an teicneolaíocht.
- A bheith páirteach i bpobal: Le Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, nasctar daoine ó thíortha agus ó chúlraí éagsúla a bhfuil spéis acu i gcódú agus i scileanna digiteacha.
- Bíodh spraoi agat leis an teicneolaíocht: Is féidir le códú a bheith cruthaitheach agus taitneamhach. Cuireann Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh gníomhaíochtaí ar fáil a fhágann gur eispéireas corraitheach í an fhoghlaim chun códú a dhéanamh.
- Spreag daoine eile: trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat cairde, teaghlaigh agus comhghleacaithe a spreagadh chun códú agus litearthacht dhigiteach a fhiosrú.
Conas páirt a ghlacadh
- Aimsigh gníomhaíochtaí gar duit nó ar líne – féach léarscáil idirghníomhach na n-imeachtaí.
- Eagraigh do ghníomhaíocht féin agus cuir le léarscáil na n-imeachtaí í.
- Is féidir le múinteoirí gníomhaíochtaí códaithe a eagrú do mhic léinn nó ceardlanna nó seisiúin oiliúna a óstáil do chomhmhúinteoirí. Tá oiliúint saor in aisce, pleananna ceachta, agus ábhair foghlama le fáil ar shuíomh gréasáin Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh. Is féidir le múinteoirí páirt a ghlacadh i ngrúpa Facebook tiomnaithe Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh le haghaidh inspioráide agus smaointe.
- Is féidir le scoileanna páirt a ghlacadh in CodeWeek4AllChallenge, agus páirt a thabhairt don oiread daltaí agus is féidir i ngníomhaíochtaí códaithe le linn Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh.
- Is féidir le tuismitheoirí cluichí agus gníomhaíochtaí códaithe a iniúchadh lena gcuid leanaí. Is féidir iad sin a ‘phlugáil’ (agus úsáid á baint as gairis) nó a ‘dhíphlugáil’ (gan gairis). Cuireann suíomh gréasáin Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh acmhainní éagsúla ar fáil, cluichí agus dúshláin san áireamh.
- Is féidir le díograiseoirí códaithe a dtaithí a roinnt ar bhlag Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh chun daoine eile a spreagadh.
An pobal atá taobh thiar de Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh
I gcroílár Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh tá pobal tiomnaithe saorálaithe, ambasadóirí, múinteoirí agus údarás oideachais. Oibríonn na daoine sin le chéile chun códú agus scileanna digiteacha a thabhairt don oiread daoine agus is féidir. Tá ról lárnach ag Ambasadóirí maidir le Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn ina dtíortha féin agus maidir le tacaíocht a thabhairt d’eagraithe áitiúla.
Tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis an tionscnamh seo mar chuid dá mhisean níos leithne chun scileanna digiteacha a fheabhsú ar fud na hEorpa. Tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach, cuireann an Coimisiún maoiniú agus acmhainní ar fáil chun raon feidhme agus tionchar Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh a leathnú.
An Nuacht is Déanaí

Fiosrófar i Laethanta Tallainne Digiteacha an Aontais 2026 conas is féidir leis an Eoraip bearnaí scileanna digiteacha a dhúnadh agus a hiomaíochas a neartú.

D’oscail an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Virkkunen Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh 2026, agus béim á leagan aige ar scileanna digiteacha i ré na hintleachta saorga.

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach dhá thuarascáil nua ina ndéantar iniúchadh ar impleachtaí na hintleachta saorga giniúnaí (IS) do pháirtithe leasmhara agus do chleachtóirí oideachais, chomh maith le féachaint ar an gcaoi a bhfuil córais oideachais na hEorpa ag freagairt don chlaochlú digiteach.
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór
Last update
1 Deireadh Fómhair 2026