Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Consultation | Foilseachán

Meastóireacht ar an nGníomh um Chibearshlándáil

Tá tús curtha ag an gCoimisiún leis an meastóireacht ar an nGníomh um Chibearshlándáil (CSA), Rialachán (AE) 2019/881), de réir Airteagal 67 den Rialachán seo.

Is é is cuspóir don mheastóireacht measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht ENISA maidir lena shainordú, a chuspóir agus a chúraimí a bhaint amach, chomh maith le forálacha an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú i ndáil le Cibearshlándáil. 

Áirítear ar chuspóirí ENISA cúnamh a thabhairt beartais an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear beartais earnálacha, a fhorbairt agus a chur chun feidhme; tacú le fothú acmhainneachta agus ullmhacht ar fud an Aontais; comhar a chur chun cinn, lena n-áirítear comhroinnt faisnéise agus comhordú ar leibhéal an Aontais; cumais chibearshlándála a mhéadú ar leibhéal an Aontais maidir le cibearbhagairtí a chosc agus freagairt orthu; rannchuidiú leis an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil a bhunú agus a chothabháil, agus ardleibhéal feasachta i ndáil leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn.

Bhronn an Coimisiún ar chuibhreannas atá comhdhéanta de Intellera Consulting, PPMI agus PwC EU Services staidéar a chuirfidh ionchur ar fáil agus a chuideoidh leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ENISA agus ar fhorálacha Rialachán (AE) 2019/881 maidir leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Cuireadh tús leis an staidéar i mí na Samhna 2023 agus mairfidh sé go dtí deireadh R2-2024. Cuirfidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí an staidéir i láthair le linn an dara leath de 2024. 

Sheol an conraitheoir atá i mbun an staidéir sin comhairliúchán trí cheistneoir struchtúrtha inar féidir le páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl maidir le ról ENISA agus maidir le feidhmíocht an Chreata Eorpaigh um Dheimhniú i ndáil le Cibearshlándáil. Comhlánóidh an comhairliúchán seo an glao ar fhianaise a d’fhoilsigh an Coimisiún in R3-2023. 

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa staidéar sin tríd an nasc sin, cuireadh síneadh leis an gcomhairliúchán go dtí an 5 Márta 2024.

 

Íoslódálacha

Letter of Support from EC
Íoslódáil 
Privacy statement for the survey
Íoslódáil