Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Consultation | Foilseachán

Cánachas Cóir: Comhairliúchán poiblí maidir leis an tobhach digiteach seolta ag an gCoimisiún

Sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí maidir le tobhach digiteach nua. Is é is aidhm don tionscnamh seo cánachas cothrom a áirithiú sa gheilleagar digiteach, agus cur le téarnamh na hEorpa ag an am céanna. Tá cánachas cothrom agus a chinntiú go bhfuil an Eoraip oiriúnach don Aois Dhigiteach ina príomhthosaíochtaí ag an gCoimisiún Eorpach, mar a luaigh an tUachtarán von der Leyen ina Treoirlínte Polaitiúla.

Tá córais chánach ag titim chun deiridh ar fhorbairtí teicneolaíochta domhanda le blianta beaga anuas. Is é an toradh atá air sin go n-íocann cuideachtaí digiteacha i bhfad níos lú cánach ná mar ba cheart dóibh. Chuir géarchéim COVID-19 leis an staid sin freisin toisc gur chuir sí dlús leis an aistriú i dtreo domhan níos digití agus gur chuir sí borradh faoi bhrabúis agus ioncaim do go leor cuideachtaí ar líne. Chuideodh an tobhach digiteach lena áirithiú go mbeadh rialacha an Aontais oiriúnach dá bhfeidhm sa gheilleagar digiteach, agus go mbeadh cuideachtaí, bídís digiteach nó ná bíodh, in iomaíocht san Eoraip ar théarmaí cothroma, agus tríd sin a dhéanamh chun cur leis an téarnamh.

Seo mar a labhair Paolo Gentiloni, an Coimisinéir um an nGeilleagar:

Is céim thábhachtach é comhairliúchán poiblí an lae inniu i dtreo na sprice deiridh atá againn cánachas cothrom ar an ngeilleagar digiteach a áirithiú. Tá sé níos tábhachtaí fós an sprioc sin a bhaint amach sa chomhthéacs reatha. Tá COVID-19 ina chúis le suaitheadh eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus de réir mar a oibrímid chun téarnamh inbhuanaithe a thógáil, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh gach cuideachta go leor leis an iarracht sin.

Tá seoladh an chomhairliúcháin ag teacht sna sála ar an sainordú a thug an Chomhairle Eorpach i mí Iúil 2020 togra le haghaidh acmhainn dhílis nua a chur i dtoll a chéile faoi mhí an Mheithimh 2021. Déanfar an tobhach a dhearadh ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis an obair leanúnach atá ar bun ag ECFE, agus ag an G20, agus beidh sé i gcomhréir leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta eile. Mairfidh an comhairliúchán poiblí ar feadh 12 sheachtain. Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl.