Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Call for tenders | Foilseachán

Tacóidh an Coimisiún Eorpach le háireamhán astaíochtaí carbóin an Aontais a fhorbairt don earnáil chlosamhairc

Le EUR 650.000 ó chlár MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta, tá an tAontas ag stiúradh caighdeánú tomhais an loirg carbóin san earnáil chlosamhairc trí áireamhán coiteann a thógáil.

The image reads "Call for tenders, EU Carbon Calculator for the Audiovisual Sector, apply by 18 July 2023" and two photographies: a camera man and a person working with their computer.

European Commission

Forbróidh an tionscadal a bhronnfar modheolaíocht tomhais agus bunófar uirlis ar líne chun astaíochtaí CO2 ó léirithe closamhairc a thomhas, bunaithe ar rialacha coiteanna sonraí agus ríomha. Beidh an t-áireamhán ar fáil saor in aisce d’úsáideoirí ar fud an Aontais, rud a leathnóidh rochtain ar shraith caighdeán íosta.

Déanfar an uirlis a óstáil i bhfearann ec.europa.eu an Choimisiúin agus oibreoidh sí mar uirlis neamhspleách agus mar bhreiseán d’áireamháin atá ann cheana. 

Mairfidh an conradh seirbhíse 48 mí ar a mhéad, go dtí deireadh 2026, i gcomhthráth le deireadh chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027. 

Tuilleadh eolais faoin nglao ar thairiscintí.

Conas tairiscint a chur isteach?

Ní mór tairiscintí a chur isteach go heisiach tríd an iarratas eSubmission faoin 18 Iúil 2023, de réir na dtreoracha a léirítear sa litir Cuireadh agus sa Treoir Thapa eSubmission.

Cén fáth a bhforbraítear áireamhán ar leibhéal an Aontais Eorpaigh?

Tá córais tomhais astaíochtaí agus lipéid ghlasa éagsúla tagtha chun cinn ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas. Cé go léiríonn na tionscnaimh sin rannpháirtíocht láidir tionscail le bheith níos inbhuanaithe, tá an raon feidhme teoranta go ginearálta do mhargaí náisiúnta. Cuireann paraiméadair éagsúla bac ar úsáid na n-áireamhán atá ann cheana ar fud an Aontais Eorpaigh, go háirithe le haghaidh comhléirithe. Le modheolaíocht choiteann, a bheidh saor in aisce d’úsáideoirí, beifear in ann inchomparáideacht a dhéanamh agus an glacadh a spreagadh, rud a chuideoidh le cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le glasú na hearnála.

Cé a bhainfidh tairbhe as an uirlis seo?

Beidh an t-áireamhán úsáideach go háirithe do léiritheoirí scannán agus sraitheanna teilifíse, d’oifigigh inbhuanaitheachta closamhairc, do bhaill foirne atá i gceannas ar thomhas CO2 agus do chistí scannán, go háirithe do chomhléirithe Eorpacha. Cuirfear na torthaí san áireamh freisin i gceapadh beartas ar mhaithe le glasú na hearnála.

Cúlra 

I gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht faoi 2050, tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún Eorpach comhoibriú go dlúth leis an tionscal scannánaíochta agus closamhairc agus le (fo)chistí náisiúnta, agus é mar chuspóir aige na dea-chleachtais atá ann cheana a roinnt agus teacht ar chomhaontú maidir le huirlisí comhchoiteanna agus caighdeáin ghlasa. I bPlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc an Choimisiúin a foilsíodh in 2020, áiríodh gníomhaíocht shonrach chun an t-éiceachóras closamhairc a ghlasú (gníomhaíocht 6 — I dtreo earnáil meán aeráidneodrach).

I bhfianaise an mhéid sin, thug an Coimisiún faoi idirphlé leis na geallsealbhóirí i mí an Mheithimh 2021 maidir leis an earnáil chlosamhairc a ghlasú, agus bhailigh sé gairmithe closamhairc agus ionadaithe ón earnáil phoiblí le chéile. D’aontaigh na rannpháirtithe gur gá bearta a dhéanamh chun astaíochtaí carbóin a laghdú, ag tosú le hastaíochtaí carbóin a thomhas. Ba é an toradh a bhí air sin ráiteas comhchoiteann, a foilsíodh i mí Feabhra 2022, i bhfabhar modheolaíocht aontaithe tomhais d’astaíochtaí carbóin.